Líonra Poblachtach Marxach
Is grúpa sóisialaigh eagraithe isteach i bPobal Seachas Brabús iad an Líonra Poblachtach Marxach agus feidhmíonn siad mar eagarthóirí do Horizon Magazine. Is é PSB an iarracht is dáiríre agus is inmharthana chun mórpháirtí sóisialach a chruthú in Éirinn agus feidhmíonn PSB mar bhunchloch ár gcuid oibre. Léiríonn na pointí aontais seo conas is féidir an obair seo a chur i gcrích: ón saghas páirtí atá ag teastáil inniu go dtí an domhan a bhfuilimid ag troid ar a shon sa deireadh thiar. Ní obair feachtas nó olltoghcháin amháin a bheadh ann, ach iarracht fhoighneach thar na blianta chun mórpháirtí a fhréamhaigh i ngach pobal agus áit oibre ar fud an oileáin. Ba mhaith linn an réabhlóid neamhchríochnaithe a chríochnú agus smacht a bhaint amach don lucht oibre, anseo agus ar fud na cruinne.
Pointí Aontais
1. Neamhspleáchas Aicmeach – Ar Son Briseadh ón Straitéis ‘rialtas na clé’
Is é tógáil Pobal Seachas Brabús mar mhórpháirtí atá neamhspleách ó thaobh an aicme de phríomhsprioc Líonra Poblachtach Marxach. Is ionann sin agus pháirtí atá in aghaidh an stáit chaipitlíoch ina uile fhoirmeacha le baill eagraithe i ngach pobal agus urlár na monarchan ar fud na tíre.
Tá gá le neamhspleáchas aicmeach chun soiléireacht pholaitiúil a bhaint amach. Teastaíonn guth poiblí do PSB, guth atá éagsúil ó gach páirtí eile ar an eite chlé. Ní ghlacaimid le straitéis ar bith a laghdaíonn polaitíocht shóisialach ar son bloc ‘an eite chlé leathan’
Mar gheall ar sin, caithfear briseadh ón straitéis ‘rialtas na clé’. Feidhmíonn rannpháirtíocht nó tacaíocht mar nasc idir gluaiseacht an lucht oibre agus an córas caipitlíoch. Caithfear beag a dhéanamh de ollbheartaíocht toghchánach chun fís leathan de chlaochlú sochaíoch a chur chun cinn.
Tá gá le bunsraith neamhspleách chun páirtí mar seo a thógáil. Ba bhreá linn craobhacha ollmhór, gníomhach, agus míleatach a fheiscint lena mheáin agus a fhoilseacháin féin chomh maith le tiomsú airgid neamhspleách. Tá gá le hacmhainní mar seo sa ghluaiseacht chun polaitíocht shóisialach sheasmhach a bhaint amach.
San fhadtéarma caithimid a bheith uaillmhianach. Ba bhreá linn institiúidí cultúrtha cleamhnaithe, líonraí cúnaimh fhrithpháirtigh (mutual aid networks), agus eagraíochtaí cosanta don lucht oibre a fheiscint. Sna ceardchumainn, oibreoimid chun an troid in aghaidh na maorlathais atá ann a chur chun cinn. Ba bhreá linn ceardchumainn míleatach daonlathach a chur chun cinn agus táimid ar a ndícheall chun polaitíocht shóisialach a bhrú chun tosaigh.
Tá gá le muinín sa pháirtí, muinín don lucht oibre, agus creideamh gur féidir polaitíocht shóisialach radacach a thógáil chun neamhspleáchas aicmeach a bhaint amach. Ní féidir an sprioc seo a bhaint amach ach ón taobh thíos agus ní féidir a sheachaint go bhfuil mórpháirtí sóisialach ag teastáil.
2. Aontacht Chlárach – Ar son clár a threoraínn obair PBP go léir
Tá gá le cláir do PSB chun neamhspleáchas aicmeach a bhaint amach. Ní hionann an chláir seo agus forógra toghcháin nó treoir bunaithe ar streachailt áirithe amháin. Feidhmíonn an clár mar léiriú ar spriocanna fadtéarmach don ghluaiseacht.
Is é an rud a choinníonn páirtí sóisialach le chéile ná aontas faoin aidhm a throidimid ar a son, seachas comhaontú oirbheartaíochta ar conas is féidir an sprioc sin a bhaint amach. Is féidir an nath ‘aontacht chlárach’ a úsáid chun cuir síos a dhéanamh ar an straitéis seo – aontacht tríd streachailt ar son spriocanna riachtanach polaitiúil seachas tríd líne íde-eolaíochta nó manaí pobalach.
Creidimid go bhfuil clár ‘íosmhéid/uasmhéid’ ag teastáil do PSB. Is ionann an clár ‘íosmhéid’ agus clár polasaí don pháirtí: na rudaí a throidimid ar son anois agus na rudaí a chuirfimid i bhfeidhm nuair a bhainfimid cumhacht amach chun deireadh a chur leis an stát caipitlíoch agus chun cumhacht an lucht oibre a chur i bhfeidhm
Is é an clár ‘uasmhéid’ ceann scríbe an bhóthair sin, sochaí shaor ó dhúshaothrú aicmíoch, teorainneacha, an margadh, agus forlámhas impiriúil. Múnlaíonn an clár ‘uasmhéid’ na héilimh a dhéanaimid. Tá an clár ‘íosmhéid’ agus ‘uasmhéid’ ríthábhachtach agus léiríonn siad an difríocht idir PSB agus an eite chlé go ginearálta.
Ba mhaith linn glacadh le clár PSB a chur chun cinn mar bhunús ballraíochta i PSB. Ní hionann é sin agus aontú le gach cuid den chláir áfach. Mar sin féin, chiallódh a bheith i do bhall de PSB go mbeifeá tiomanta chun troid ar son a chláir, mar spriocanna na gluaiseachta ar aontaíodh orthu go daonlathach. Beidh an chumhacht ag baill PSB chun an chláir a athrú agus chun easaontais a léiriú san eagraíocht.
3. Ardáin don Chosmhuintir – Ar son ceannairí i measc na n-oibrithe i ngach cuid den streachailt aicmeach
Agus iad armtha le cláir comónta, tá an chumhacht ag baill den pháirtí chun oibrithe a mhealladh ar thaobh físe coincréití sóisialaí. Caithfear ceannairí i measc na n-oibrithe a fhorbairt i ngach cuid den streachailt aicmeach: sna ceardchumainn, i ngrúpaí in aghaidh an impiriúlachais, i measc oibrithe imirceach, i CATU, i dTeach Laighean, i Stormont, agus i measc na gcomhairlí áitiúla. Tríd an obair seo, tá sé mar chuspóir againn institiúidí marthanacha don lucht oibre a bhunú, chomh maith le daoine a mhealladh i dtreo ár gcláir agus i dtreo pholaitíocht an tsóisialachais.
Chun an sprioc sin a bhaint amach, ní mór dár mbaill gníomhú mar ‘tribune’ an phobail. Mar gheall ar sin, caithfear ár mbaill troid in aghaidh ‘sectionalism’ agus iad ag streachailt in aghaidh gach gné den daorsmacht. Caithfear ár mbaill gach streachailt ar leith a ghinearálú mar chuid den streachailt in aghaidh an chórais pholaitiúil. Tá freagracht dhaonlathach lárnach san obair seo. Ba cheart go mbeadh baill den pháirtí freagrach don bhallraíocht agus an clár mar léiriú daonlathach comhaontaithe ar an gclár sin.
Tá gá le smacht agus comhsheasmhacht dóibh siúd atá ag feidhmiú isteach i dTeach Laighean, i Stormont, agus sna comhairlí áitiúla. Seasaimid ar son clár comónta, vótálaimid mar bhloc, tógaimid tuarastal oibrí agus diúltaímid aon réiteach le páirtí caipitlíoch. Ag gach tráth, feidhmíonn ár n-ionadaithe de réir an chláir. Tá cumas ar leith ag na daoine sin againne atá tofa an córas a dhaoradh go láidir os comhair an náisiúin ar fad.
Sa ghluaiseacht an lucht oibre, caithfear naisc a chruthú idir earnálacha agus ceardchumainn agus caithfear cumhacht an ghnáthbhaill a thógáil. Caithfear troid in aghaidh an mhaorlathais agus muidne ag cloí le clár sóisialach. Ní féidir ach le páirtí sóisialach neamhspleách an bunús polaitiúil a chur ar fáil do ghluaiseacht láidir don lucht oibre, mar ní féidir ach le páirtí den mhúnla seo oibrithe trasna earnálacha difriúla a thabhairt le chéile taobh thiar d’éilimh aicmeach seachas bailiúchán de leasanna contrártha.
4. Streachailt 32 Contae – Ar son pháirtí daonlathach, uile-Éireann
De ghnáth bíonn claonadh ag an streachailt sa tír seo i dtreo foirmeacha ‘clientist’ ar leibhéal íseal. Spreagtar muid chun a chreidiúint go stopann féidearthacht an athraithe ag geataí ár n-eastát féin, ag teorainneacha ár ndáilcheantair, nó ag an teorainn. Mar sóisialacha, caithfear dul in aghaidh an chlaonta seo.
Ní féidir an lucht oibre a chur chun cinn trí neamhaird a thabhairt ar ardpholataíocht. Ceileann sé seo fíor-aghaidh stáit na hÉireann agus na Breataine. Is é eagrú áitiúil bunús ár ngluaiseacht. Ach, beidh sé i bhfad níos éifeachtúla nuair a bheidh sé nasctha le fís 32-contae agus Mór-roinneach bunaithe ar réabhlóid don lucht oibre.
Chun dul i ngleic leis an chlaonadh seo, oibreoidh an Líonra Poblachtach chun PSB a thógáil mar eagraíocht dhaonlathach uile-Éireann. Ciallaíonn sé seo comhoibriú agus díospóireacht a chothú ar fud an oileáin trí choistí náisiúnta oscailte atá faoi stiúir na mball, trí cácais, agus trí phreas bríomhar don pháirtí. Ciallaíonn sé seo an ceart cinnte chun grúpaí agus claontaí a bhunú. Ciallaíonn sé ceannasaíocht atá inchurtha as oifig agus atá trédhearcach, ionas gur féidir le gach ball eolais a fhail ar conas a bhfeidhmíonn an páirtí ag leibhéal polaitiúil náisiúnta.
Ciallaíonn sé seo craobhacha a thógáil amach as an ‘áitiúlachas’ trí chumarsáid oscailte thar línte na gcraobhacha agus trí streachailt áitiúla a chomhtháthú i bpolaitíocht agus i gclár comhroinnte uile-oileáin. Ciallaíonn sé seo go mbeidh oideachas polaitiúil agus oiliúint phraiticiúil eagrúcháin a chur ar fáil do gach ball. Ciallaíonn sé cumas PSB a neartú chun sraith iarrthóirí a chur chun cinn do Stormont agus Teach Laighean araon, agus úsáid a bhaint as na hardáin sin chun teachtaireacht choiteann shóisialach a sheachadadh go gach cearn den oileán.
Tuigimid go mbeadh géarleanúint fhíochmhar i ndán d’aon ghluaiseacht ollmhór shóisialach a chuirfeadh bagairt dáiríre ar chumhacht cheachtar den dá stát, ó ghléasra stáit na Breataine agus na hÉireann araon. Caithfear fórsa 32-chontae a thógáil atá réidh chun aghaidh a thabhairt orthu go neamhbhalbh.
5. Streachailt ar an Mór-roinn – Ar son dúshlán polaitiúil aontaithe in aghaidh Daingean na hEorpa
Díreach ar nós an chlaonta gan fócas a dhíriú go hiomlán ar an áitiúil amháin, níor chóir dúinn fócas a dhíriú go hiomlán ar cúrsaí náisiúnta amháin ach an oiread. Is tearmann cánach beag í Poblacht na hÉireann, tearmann atá nasctha go dlúth sa chóras caipitlíoch domhanda. Is stáitín tearc-mhaoinithe é Tuaisceart Éireann agus stáitín a d’fhulaing faillí leanúnach faoi riail na Breataine. Ní fhágfaí poblacht shóisialach anseo faoi shíocháin.
Is iad teitheadh caipitil, cogaíocht eacnamaíoch, ruaigeadh as an tAE, agus slógadh na bhfórsaí dílseach frithghníomhacha samplaí den saghas bagairt le dul i ngleic leis. Chuirfeadh an lucht rialaithe in Éirinn agus san Eoraip formhór a gcumhachta i bhfeidhm an nóiméad a chuirfeadh polaitíocht shóisialach bagairt ar a leasanna. Ní mór dúinn briseadh le haisling forbraíochtúil aonarach dá bharr.
Gníomhaíonn an lucht rialaithe Eorpach le chéile níos mó agus níos mó. Feidhmíonn an tAontas Eorpach mar chóras de riail aicmeach ilchríochach – le carachtar thar a bheith neamhdhaonlathach.
Caithfidh an freagra a beith ar aon mhéid le scála na faidhbe. Mar sóisialacha Éireannach, ní féidir barbarthacht an tAE a sheachaint. Ba cheart go mbeadh PSB sásta naisc bráithriúil a thógáil le páirtithe sóisialacha ar fud na mór-Roinne agus iad ag iarraidh páirtí aontaithe a thógáil ar fud na cruinne. Ba bhreá linn liosta iarrthóirí aontaithe a fheiscint do Pharlaimint na hEorpa, liosta atá sásta dul in aghaidh foréigean an tAE ó Ghaillimh go Tallin agus atá sásta gníomh aontaithe oibrithe a chur chun cinn freisin.
Is troid idirnáisiúnta é an troid in aghaidh an chaipitleachais. Ar deireadh, tá gá againn Idirnáisiúnta nua de pháirtithe sóisialacha aicme-neamhspleácha ollmhóra a bhunú mar sprioc fhadtéarmach. Tá Fíor-Idirnáisiúnta ag teastáil, Idirnáisiúnta atá in ann gníomhaíocht pholaitiúil dhomhanda a chomhordú agus rogha eile shóisialach a chur ar fáil ar scála domhanda.
6. Bris Críochdheighilt, Bris an tAE – Ar son streachailt in aghaidh an tSaorstáit, críochdheighilt, agus an tIarthar
Tá dualgas ar sóisialacha Éireannach dul in aghaidh struchtúir chosrach neamhdhaonlathacha na stát caipitlíoch, ag tosú leis na stáit caipitlíoch ar an oileán seo. D’fheidhmigh an Saorstát mar chomhréiteach fríth-réabhlóideach agus tógadh an Saorstát chun maoin a chosaint, an lucht oibre a dheighilt, agus Éire a chur faoi cheannas spleáchas ar an mBreatain. D’fheidhmigh an Stáitín Oráisteach mar sciathán ar an saghas stáit seo sa tuaisceart. Níor réitigh Comhaontú Aoine an Chéasta an fhadhb seo. Rinne sé an stáitín ó thuaidh a atheagrú agus a dhlisteanú, ag fuáil le chéile socrú comhroinnte cumhachta a dhaingnigh go buan an deighilt agus a chumhdaigh cros na ndílseoirí le réiteach a bhí neamhdhaonlathach go smior.
Is réamhchoinníoll é díchóimeáil an dá stát fhrithghníomhacha d’aon réiteach fíor-dhaonlathach ar an oileán. Ní réiteoidh pobalbhreith ar cheist na teorann an fhadhb seo. Ní féidir aon duine é a ghairm seachas an Rúnaí Stáit na Breataine do Thuaisceart Éireann amháin agus ar a mhéad ní sholáthraíonn sé ach aontú an dá stát fhrithghníomhacha. Ní féidir le sóisialaithe seachmaill a chur romhainn go bhfuil sé seo ina chosán chun saoirse a bhaint amach.
Níor mhór dúinn na creataí dlíthiúla a úsáidtear chun ord an stáit chaipitlíoch a chosaint agus a dhlisteanú a dhiúltú go smior. Diúltaímid do Bhunreacht na hÉireann agus do Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ní foláir do PSB seasamh in aghaidh na críochdheighilte agus stáit na hÉireann agus na Breataine go hiomlán. Éilímid tarraingt siar gan coinníoll na Breataine ón Tuaisceart agus éilímid tionóil bunreachtúil 32-chontae chun an dá stát a dhíscaoileadh agus fíor-phoblacht daonlathach a bhuachan ar an oileán.
Ach, caithfear dul níos faide ná troid in aghaidh an dá stát ar an oileán seo. Mar sóisialacha Éireannach san Iarthar, tá sé de dhualgas againn dul in aghaidh impiriúlachas Impireacht Mheiriceá. Ciallaíonn é seo troid in aghaidh gach cogadh caipitlíoch. Ciallaíonn é seo troid in aghaidh ECAT, míleatú an tAE agus impiriúlachas Meiriceánaigh ar fud na cruinne. Caithfear ár gcumhacht a úsáid chun cur in éadan iarrachtaí chun míleatú agus cogaíocht a chur chun cinn.
Is deis í gach éigeart, gach scannal agus gach léiriú ar chos ar bolg an stáit chun an lucht oibre a ghríosú ar son rogha eile shóisialach. Ba cheart go mbeadh ionadaithe PSB faoi cheangal ag ár gclár chun vótáil i gcoinne aon mhaoiniú míleata nó póilíneachta. Ba cheart go mbeidís sásta troid chun deireadh a chur leis an gCúirt Choiriúil Speisialta, chun saoirse a bhaint amach do phríosúnaigh pholaitiúil, agus chun dul i gcoinne gach díbirt. Caithfidh siad dul in aghaidh gach gné de chumhacht an stáit agus cumhacht na póilíní agus caithfidh siad na naisc idir foréigean in Éirinn, an Bhreatain, an tAE, agus an impireacht Mheiriceá a nochtadh go poiblí. Ní mór dúinn tuiscint fhorleathan a thógáil in aghaidh ár stát agus in aghaidh ord an domhain.
7. Cuir an Réabhlóid Neamhchríochnaithe i gcrích – Ar son Poblacht Dhaonlathach Shóisialach san Eoraip
Is é Eoraip sóisialach agus, ar deireadh, domhain sóisialach ár sprioc mar eagraíocht – le hurghabháil na cumhachta polaitiúla agus eacnamaíochta ag an lucht oibre. Chun an sprioc seo a bhaint amach, ní mór dúinn deireadh a chur le gach institiúid a dhiúltóinn daonlathas dúinn. Nuair a bheidh muid i gceannas, chuirfimis clár leathan ‘íosmhéid’ i bhfeidhm chun riail pholaitiúil an lucht oibre a dhaingniú. Cuirtear deireadh leis críochdheighilt. Diúltaímid do Bhunreacht na hÉireann agus d’Achtanna an Aontais chomh maith. Ba bhreá linn gach institiúid a dhiúltaíonn fíor-riall daonlathach dúinn a dhíchóimeáil: an Seanad, an uachtaránacht, agus na cúirteanna.
Beidh an chumhacht uachtarach ina cónaí i dtionól ‘unicameral’ ja thoghfar trí ionadaíocht chionmhar. Tá teachtaí inghairmthe ar ais ag aon am, agus ní ghlacann siad níos mó ná pá oibrí. Tá neamhspleáchas fairsing ag orgáin áitiúla rialtais. Ráthaítear saoirse cainte, tionóil, agus eagraíochta do chách.
Ní féidir ár gclár stopadh ag an bhfarraige. Is é an cás is measa ar fad é go bhfaigheadh lucht oibre na hÉireann iad féin ina n-aonar. Ní gá dúinn a bheith aontaithe le gluaiseacht oibrithe ar fud na mór-roinne chun deireadh a chur leis an Aontas Eorpach agus chun troid ar son Eoraip shóisialach dhaonlathach. Gach cumhacht do Pharlaimint Eorpach nua atá níos daonlathaí go bunúsach, agus a rialaíonn go cuntasach ar mhaithe le leas an lucht oibre!
Déanfar Daingean na hEorpa a dhíscaoileadh, agus cuirfear deireadh le Frontex agus le gach meicníocht rialaithe teorainn. Fáilteofar roimh dhídeanaithe aeráide agus roimh gach pobal faoi chois gan aon choinníoll. Díscaoilfear NATO, cuirfear deireadh le gach idirghabháil mhíleata, agus cuirfear mílíste saoránach in ionad na hairm bhuana. Saor ón meaisín cogaidh, is féidir linn gníomh láithreach radacach a dhéanamh i gcoinne athrú aeráide.
Is féidir ceannas an lucht oibre a leathnú amach go dtí gach cuid den domhain le chéile leis an ghluaiseacht shóisialach ar fud na cruinne. Leagann sé seo síos an cosán i dtreo sochaí gan aicmí: an cumannachas – sochaí gan airgead, gan idirdhealú aicmeach, gan teorainneacha náisiúnta, gan patrarcacht, nó aon fhoirm de chos ar bholg náisiúnta. Á threorú ag an bprionsabal: ó gach duine de réir a chumais, do gach duine de réir a riachtanais, scaoileann an cumannachas fíor-shaoirse amach don tsochaí agus don duine aonair chomh maith, rud a cheadaíonn don chine daonna a lánacmhainneacht a bhaint amach.
Doiciméid eile (i mBéarla)
- Thesis on the National Question
- Thesis on the European Union
- Tasks 2026/2027
- Educational Curriculum
- Recruitment Procedure
- Constitution
- Rules and code of conduct
An bhfuil suim agat inár dTionscadal?
Líon isteach an fhoirm thíos chun do shuim a chlárú: